Comhairleoireacht Teanga
Cuireann Europus seirbhís comhairleoireachta teanga ar fáil do TG4 agus do chomhlachtaí poiblí eile.

Aistriúchán Comhuaineach
Cuireann Europus seirbhís aistriúchán comhuaineach ar fáil do chruinnithe poiblí. Aontaítear na táillí leis an oifig roimh ré.

Fotheidil
Tá Europus ag soláthar fotheidil oscailte agus dhúnta do TG4 agus RTÉ le breis is 9 bliana. Go minic mar gheall ar nádúr thionscal na teilifíse déantar seachadadh go minic ar chláir gar don dáta craolacháin. Bíonn ar Europus go minic fotheidil na gclár a sholáthar laistigh d'am teoranta. Éiríonn linn i gcónaí fotheidil ar ard-chaighdeán a sholáthar laistigh den spriocam.

Bainimid leas as an gcóras is nua-aimseartha, ISIS a chruthaíonn an chuideachta Starfish Technologies agus tá conradh cothabhála leanúnach againn leis an gcuideachta sin. Is féidir gnáthfhotheidil oscailte agus dhúnta a dhéanamh leis an gcóras seo chomh maith le fotheidil bheo. Tá innealtóir ard-oilte ar an láthair ar fáil ag Europus.

Rphost: subtitles@europus.ie

Téacs
Soláthraíonn Europus seirbhís teilitéacs do TG4.
Cuirtear eolas do Téacs TG4 ar aghaidh chuig teacs@europus.ie