Is comhlacht comhairleoireachta teanga é Europus Teo. atá suite ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe. Soláthraíonn an comhlacht seirbhísí aistriúcháin, fotheidealóireachta, teilitéacs agus comhairleoireacht teanga. Cuireann Europus seirbhísí sceidil, teilitéacs agus fotheidil ar fáil do TG4 chomh maith le Seomra Nuachta TG4 agus seirbhísí fotheideal ar fáil do RTÉ. Cuireann Europus Teo. oiliúint ar fáil chomh hard le Céim M.Sc.
Bunaíodh Europus i 1996. Fuair Stiúrthóir Europus, Áine Ní Chonghaile, a cuid oiliúna i Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais áit a raibh sí ag obair mar aistritheoir dlí ar feadh breis is 10 mbliana.
Tá 13 fostaithe go lán-aimseartha ag Europus. Tá céim onórach Gaeilge ag ár bhfostaithe ar fad agus ní mór dóibh scrúdú scríofa a dhéanamh sula gceaptar iad. Cuireann Europus dian-oiliúint ar aistritheoirí agus ar fhotheidealóirí agus bíonn orthu freastal ar Dhioplóma Iarchéime Europus in Aistriúchán a bhfuil creidiúnú aige ó HETAC agus a mhaoiníonn Údarás na Gaeltachta. Tá modúl fotheidealóireachta mar chuid den chúrsa sin. Soláthraíonn Europus cáilíocht chomh hard le Céim M.Sc. anois.