Cúrsaí Oiliúna
Eagraíonn Europus cúrsaí oiliúna i gcomhar le GMIT, Údarás na Gaeltachta agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.
Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cáipéisí Dlí agus
Cáipéisí Stáit eile
Europus/GMIT i gcomhar leis an
Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta
De bharr an méid éilimh a bhí ar an gcúrsa seo blianta eile reáchtálfaidh Europus/GMIT, faoi urraíocht na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, dianchúrsa oiliúna lánaimseartha eile ar aistriúchán cáipéisí dlí agus cáipéisí stáit eile i dTír an Fhia i gConamara i mí Lúnasa agus Meán Fómhair 2011. Glacfar le céimithe a mbeidh caighdeán ard acu i nGaeilge agus i mBéarla. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cáilíochtaí sa dlí acu. Déanfaidh iarrthóirí agallamh agus scrúdú scríofa sula nglacfar leo ar an gcúrsa. Ní bheidh aon táille ar an gcúrsa. Ní ghlacfar ach le líon teoranta daoine ar an gcúrsa.
Seol iarratas mar aon le CV chuig :-
EUROPUS
An Comhlacht Teanga
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe
roimh Dé Céadaoin an 22 Iúil 2011
Teil: 091/595492 Rphost:
M.Sc/Ard-Dioplóma Iarchéime i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán
Cúrsa ardghairmiúil lánaimseartha é seo a bhíonn dírithe ar dhaoine ar mian leo a bheith ina
n-aistritheoirí gairmiúla agus ina gcuirtear oiliúint ar mhic léinn i ngach réimse den aistriúchán.
I measc réimsí a ndéantar staidéar orthu bíonn:
- Gramadach na Gaeilge
- Aistriúchán Cáipéisí Stáit agus Cáipéisí Dlí
- Aistriúchán Scripteanna
- Fotheidil
- Craoltóireacht
- Gnó
Teagascóirí ardoilte de chuid Europus agus Rannóg an Aistriúcháin a bhíonn i mbun teagaisc. I gCarna i gConamara a reachtáiltear an cúrsa. Ní bhíonn aon táille i gceist.
Tugtar deis do mhic léinn a bhaineann céad onóracha amach ar an gcúrsa tabhairt faoin M.Sc. san Aistriúchán.
Glactar le hiarratais ó chéimithe a bhfuil onóracha acu i nGaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil céim in ábhar eile acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí sin ach a léiríonn i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
Is ar bhonn agallaimh agus scrúdú scríofa a roghnaítear daoine.
Má tá suim agat i gcúrsa na bliana Meán Fómhair 2010 - Aibreán 2011 glaoigh orainn ag 091 572082
Rphost:
Cúrsa Oiliúna Riarthóirí/Rúnaithe le Gaeilge mar Phríomh-Theanga
Ritheann Europus in éineacht le hÚdarás na Gaeltachta agus GMIT an cúrsa seo i gConamara le freastal a dhéanamh ar an éileamh mór atá ar riarthóirí/rúnaithe oilte arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga.
Cuirfear ardoiliúint ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, i scileanna oifige, ríomhaire agus riaracháin.
Glactar le hiarratais ó dhaoine a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine fásta nach bhfuil ach a léireoidh cumas i nGaeilge agus i mBéarla. Ní bhíonn aon táille i gceist.
Má tá suim agat i gcúrsa na bliana Meán Fómhair 2010, glaoigh orainn ag 091 572082
Rphost:
|