![]()
- le Europus agus Údarás na Gaeltachta -
Tháinig an t-éileamh céanna anseo in Éirinn nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is beag comhlacht nó eagraíocht phoiblí anois nach bhfuil ag lorg daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go cruinn beacht i nGaeilge.
Anuraidh reáchtáil Europus Teo. i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta cúrsa le daoine a oiliúint don éileamh nua atá tagtha chun cinn. Is iad GMIT a bhronnann an dámhachtain ar na mic léinn.
Beidh an cúrsa á reachtáil arís i mbliana ag Europus le cúnamh an Údaráis agus GMIT. Tosóidh an Cúrsa Oiliúna Riarthóirí/Rúnaithe le Gaeilge mar Phríomh-Theanga i gConamara i mí Deireadh Fómhair agus seasfaidh sé 6 mhí. Cuirfear ardoiliúint ar mhic léinn i nGaeilge agus i mBéarla, i scileanna oifige, riaracháin agus ríomhaire. Bíonn ar iarrthóirí a chuireann isteach ar phostanna san Eoraip scrúdú ceisteanna ilroghnacha agus scrúdú ar chúrsaí na hEorpa a shuí. Réiteofar mic léinn do na tástálacha sin.
Glacfar le hiarratais ó dhaoine a bhfuil scrúdú na hArdteistiméireachta nó níos airde bainte amach acu nó ó dhaoine lánfhásta nach bhfuil ach a léireoidh cumas i nGaeilge agus i mBéarla.
Ní bheidh aon táille i gceist agus íocfar liúntas cothabhála le mic léinn.
Fón 091 572082 .... Faics: 091 572335 .... r-phoist: eolas@europus.ie
|