![]()
- GMIT i gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus Europus Teo. -
Reáchtálfar an cúrsa i gCarna i gConamara ag tosú ag deireadh Mheán Fómhair. Mairfidh an cúrsa Dioplóma Iarchéime /Teastas 24 seachtain agus leanfaidh an oiliúint don MSc ina dhiaidh sin. Ní bheidh aon táille i gceist agus íocfar liúntas maireachtála, a mhaoineoidh Údarás na Gaeltachta, leis na hoiliúnaithe.
Glacfar le hiarratais ó chéimithe le honóracha i nGaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil céim in ábhar eile acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite a léireoidh i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
Is ar bhonn agallaimh agus scrúdú scríofa a roghnófar daoine.
Fón 091 572082 .... Faics: 091 572 335 .... r-phoist: eolas@europus.ie
|