Soláthraíonn Europus réimse leathan aistriúcháin ó aistriúcháin dlí/reachtaíochta go preas ráitis, agus scripteanna teilifíse. Ar ár bpríomhchliaint tá comhlachtaí poiblí agus oifigiúla a fhilleann chugainn arís agus arís eile chun aistriúchán a dhéanamh ar thuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise, cairt chustaiméirí srl.

Soláthraíonn Europus seirbhísí aistriúcháin d'fhormhór na Ranna Rialtais agus na gcomhlachtaí poiblí chomh maith le roinnt cuideachtaí príobháideacha.

Is féidir a bheith cinnte de rúndacht agus de shlándáil nuair a bhítear ag obair le Europus.

Is féidir liosta cuimsitheach a fháil de chomhlachtaí agus de phearsanra ar féidir teagmháil a dhéanamh leo maidir le caighdeán ár dtáirgí agus ar seirbhísí arna iarraidh.

Conas mar a chuirimid an tseirbhís ar fáil?
Faigheann Europus ábhar go leictreonach, sa phost, ar faics srl agus is féidir linn an t-aistriúchán ar an ábhar sin a chur ar fáil i cibé leagan amach agus bealach a theastaíonn ó gcliaint. Oibríonn Europus go dlúth le cliaint le linn dúinn a bheith ag déanamh na hoibre chun a chinntiú go ndéantar aon athruithe is gá, go gcomhlíontar an spriocama, riachtanais teanga srl.

Táillí
Comhaontaítear táillí roimh ré leis an gcliant maidir le gach ábhar. Bíonn táille níos airde i gceist le aistriúchán dlí agus reachtaíochta agus comhaontaítear é sin sula dtosaítear ar an obair.

Bainimid bunchostas de €60.00 amach.